View this article in English | bilingual

Two Poems

Sméara Dubha


Más buan mo chuimhne, adeir sí,
bliain tar éis filleadh ón iasacht,
níl na sméara chomh blasta in aon chor
le sneachta na bliana seo caite.


Tá gile na taoide
chomh hard leis an ngrian
a líonann gach cuas dá cuisle,
is dealg sa chaint i ngan fhios di
a réabann craiceann mo mhéar.


Priocann sí braonta fola den sceach,
súile daite chomh glé
leis an am le teacht
nár dhoirchigh bráillín bán
a hóige go fóill.


Ba mhaith léi go mblaisfinn
den mhilseacht dhubh
atá chomh searbh inniu
leis an bhfírinne ghlan
ar bharr mo theanga.


thabharfainn an lá seo
is na laethanta gearra go léir
a tháinig roimhe dem shaol
ach greim scrogaill a bhreith ar an uain,
é a fháisceadh gan tlás nó go stopfadh


go mblaisfeadh sí arís is arís eile
de sholas an lae seo ag dul as
chomh ciúin le sneachta na bliana seo caite
nár bhuail (is nach mbuailfidh)
urlár an tsaoil go deo.


An tAmhránaí


Is dóigh leis an mbeirt os mo chomhair
gur leosan amháin a labhrann


nuair a chanann a gholtraí ghrámhar
is fada le barra a méar


go mbeidh said sa bhaile is cead
seanma ar a chéile acu go maidin.


Is ait le haonaráin is le hiarleannáin
go mbeadh fonn briste a gcroíthe ar bharr


a theanga ag fear nár casadh orthu cheana.
Nuair a bhuaileann na sreanganna síoda


a cheangail dá chéile an chéad lá riamh iad,
druideann an lánúin phósta dá mbuíochas


i leith a chéile. Nuair a chuimlíonn uillinn
a léine sin le gualainn a mhná, baineann


fear óg ar thaobh eile an tseomra
a gheansaí samhraidh de is iarrann


ar fhear an tí an teas a ísliú in ainm
dílis Dé. Guíonn an cailín a bhfuil áilleacht


an bhróin ina gnúis go mbeidh sé gan chéile
go bhfaighidh sé í. Tá an oíche á réabadh


ag foireann na gclog, scuaine scuadcharr,
otharcharr is inneall dóiteán ar a gcoimeád


ón tine nach féidir a mhúchadh
i gcuislí dóite na bhfear mór laistigh


atá mall chun na sochraide arís. In aice an droichid,
tá nodaireacht an uaignis ar chuilithíní an aeir


os a chionn léite go cruinn ag an bhfear
atá díreach tar éis léimt. Tá an t-uisce chomh mín


le bráillín is tonn álainn an cheoil ina bhéal
á bhodhradh ar bhuaireamh an tsaoil.


Leanann an ceoltóir ag seinm ar na sreanganna fola
a shíneann ón gcroí go dtí béal a ghiotáir.


Tá a chaoineadh chomh séimh le pluid
na habhann á tarraingt os ár gcionn go léir.